An TÚll


Tá scéilín na 'gam le h-insint dóibhse,
Cúrsaí spóirt agus comhrá dí,
Úll breá gleoite do chuireas I mo phóca,
'S ni bhfuaras romham ach prátín síl

Curfa
Ó mo thuirse mar shileann mo shúile,
Indiadh an úll ud a bhí bréa buí,
An óig-bhean uasal bhí t'reis é thabhairt domh,
'S do thabhairfinn púnt ar é bhlaiseadh arís

Do shiúlais Cléire agus Carraig Aonair,
Cuanta Béara bhi romham sa tslí,
Puinte na nGréige 'gus na nDorsaí Maola,
An fhiach 's an lao taobh amuigh de Bhaoi

Curfa

Do shiúlais Cualach mar a bhíos buartha
An pharoiste thuaidh a 's na hAdhraí,
San oileán Muarseadh d'inis dom buachaill
Nach bhfáilghinn a thuairisc go dtéinn thar snaidhm

Curfa

Do shiúilíos Coíbh agus Baile na Móna,
Cathair Tún Tóime 'gus Inis Seircín,
Soir ar a chósta sea d'inis domh stróinse,
Go rabh sé 'na sheo acu ar Sráid Néidin

Curfa







Captcha
Песня Clannad An TÚll представлена вам Lyrics-Keeper. Виджет можно использовать в качестве караоке к песне An TÚll, если есть возможность скачать минусовку. Для некоторых композиций доступен правильный перевод песни. Мы стараемся сделать так, чтобы слова песни An TÚll были наиболее точными, поэтому если у вас есть какие-то корректировки текста, пожалуйста отправляйте их нам. Если вы хотите скачать бесплатно эту песню в формате mp3, посетите одного из наших музыкальных спонсоров.